Nuálaíocht Chóras eCourt

An bhfuil dúil agat i gcur i láthair soiléir beacht?
Baineann an eCourt App leas as scáthánú le cur i láthair cúirte saor ó pháipéar a áisiú.

Uaslódáiltear na páipéir aontaithe atá le húsáid sa chás i bhfoirm pdf ar gach eCourtpad faoi seach. Cinntímid, trí leas nuálaíoch a bhaint as scáthánú - lena gcraoltar cód tagartha an leathanaigh idir na taibléid thar an WiFi nó an eCourt Server - go mbíonn gach páirtí ag féachaint ar an leathanach céanna ag an am céanna, más mian leo.

An bhfuil dúil agat i rochtain gan stró ar do chuid cáipéisí?
Ligeann ár gcuid áiseanna cuardaigh agus anótála duit nótaí príobháideacha a bhreacadh mar lámhscríbhinn nó théacs, cuardach de réir focail, leagan cainte nó uimhir leathanaigh, téacs a aibhsiú, leabharmhairc a chur isteach, nó nascanna a dhéanamh laistigh de cháipéis nó idir cháipéisí pdf.

Ligeann áis na bpríomhnótaí duit nótaí a bhreacadh mar mhéar eolais don chur i láthair sa chúirt.

Freisin áisíonn an scáthánú comhoibriú i gcéin roimh an triail.
An bhfuil dúil agat sa tSlándáil agus sa Rúndacht?
Bíonn na comhaid i dtaisce ar an eCourtpad; Ní bhíd riamh ar an Idirlíon/sa Scamall.

Tá na nótaí a dhéantar ar an gcomhad príobháideach don té a dhéanann iad agus níl radharc ag éinne eile orthu.

Féadfar an eCourtpad (a chuirimid ar fáil mar chuid dár seirbhís lánbhainistithe) a chriptiú.

Féadfar an eCourtpad a ghlanadh agus é i gcéin, má chailltear é .

Conas a oibríonn sé

  • × Scanáiltear cáipéisí go PDF
  • × Cláraítear ainm an cháis ar Fhreastalaí eCourt
  • × Cóipeáiltear comhaid ar eCourtpad gach úsáideora
  • × Ní bhíonn comhaid an cháis riamh ar an Idirlíon/sa Scamall. Ní chraoltar idir na eCourtpads ach ainm an chomhaid agus uimhir thagartha an leathanaigh.
  • × Tá na eCourtpads criptithe agus cosanta ag pasfhocal

Is Seirbhís lánbhainistithe í eCourt

Cuirimid seirbhís lánbhainistithe ar fáil a chuimsíonn scanáil cáipéisí, más gá, oiliúint maidir leis an eCourtpad a úsáid agus eCourtpads a sholáthar don éisteacht os comhair cúirte.

Físeán

le teagmháil a dhéanamh linn le tuilleadh eolais a fháil, cuir rphost chuig:
kieran.morris@ecourt.ie

Guthán: +353 (0) 87 959 8301

Príomhaithe:
Kieran Morris BL
Dáithí Mac Cárthaigh BL

×

AAEAAQAAAAAAAANtAAAAJDFmZDY3ZjA0LWU4YmItNDk1Mi04MDZiLTg2YTc5YmM4ZjBiZgTá baint ag Kieran Morris le neart cuideachtaí a reáchtáil le tríocha bliain anuas. Sa bhliain 2002 bhí sé ina chomhbhunaitheoir ar Netwatch, an cuideachta faireacháin teilifíse chioraid iata Éireannach atá ag feidhmiú leis anois i roinnt tíortha ar fud an Domhain. Sa bhliain 2008 chuir sé tús le staidéar ar an Dli in Óstaí an Rí agus glaodh chun an Bharra é i 2012. In Eanáir 2013 bhunaigh sé eCúirt Teoranta leis an abhcóide Dáithí Mac Cárthaigh.

×

2529f8eRinne Dáithí Mac Cárthaigh staidéar in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus glaodh chun an Bharra é i 1998. Tá cleachtas meascaithe aige le saineolas ar an dlí coiriúil agus ar an dlí sibhialta. Riarann sé cuid mhór dá chleachtas as Gaeilge. Tá ailt foilsithe aige ar ábhair chomh héagsúil óna chéile le forléiriú reachtach, coiriúlacht an bhóna bháin agus pleanáil. Is eisean an comhordaitheoir ar Ard-Dioplómaí Óstaí an Rí trí mheán na Gaeilge: Dlítheangeolaíocht don Aontas Eorpach, Aistriúchán Dlíthiúil don AE agus Dlí-Chleachtadh trí Ghaeilge.

×

John has a background in Auctioneering, Finance and Marketing. He currently manages an extensive property and investment portfolio. He will assist with the marketing and development of the eCourt system.

ainm agus sloinne (riachtanach)

Rphost (riachtanach)

Guthán

Ábhar

Iarratas ar eolas